11.28M
Category: geographygeography

An tSín. Cá bhfuil an tSín

1.

An tSín

2.

Cá bhfuil an tSín?

3.

An tSín
Éire
Éire: Tá Éire sa
An tAigéan Ciúin
leathsféar thuaidh.
Tá Éire san Eoraip.
An tSín: Is tír í an tSín atá suite in
Oirthear na hÁise. Tá an tSín sa
leasféar thuaidh.
Cá bhfuil an tSín?

4.

An tSín
Is stát ceannasach aonadach í an
tSín, Daon-Phoblacht na Síne go
hoifigiúil, in Oirthear na hÁise agus
an tír is mó daonra ar domhan, le
daonra de thart ar 1.404 billiún.
Le thart ar 9.6 milliún km2, is í an
tSín an dara stát is mó ar domhan
de réir achair talún.
Tá geilleagar na Síne ar cheann de
na geilleagair is mó fáis ar domhan.
Tá an tSín ina ball de na Náisiúin
Aontaithe, An Eagraíocht
Dhomhanda Trádála, Eagraíocht
um Chomhair Shanghai, agus an
G20.
Aithnítear an tSín mar stát airm
núicléacha agus tá an t-arm is mó
ar domhan aici.
Béising
An tSín
Faoi
Dhíospóid
An Chathair
Thoirmiscthe
Laochra
Terracotta
Abhainn an Iaing-tsí
Muir na
Síne
Thoir
An Téaváin
An Áise
Hong
Cong
Muir na
Síne
Theas

5.

An Rúis
An Chasacstáin
An Mhongóil
An Chirgeastáin
Béising
An Choire
Thuaidh
An tSín
An Mhuir Bhuí
Muir na
Síne Thoir
An Bhútáin
An Téaváin
An India
Maenmar
An Áise
Laos
Vítneam
Hong Cong
An tAigéan Ciúin
Muir na Síne Theas
Tá teorainn ag an tSín leis na tíortha seo: An Chasacstáin, An Mhongóil, An Choiré Thuaidh, An Choiré Theas,
Vítneam, Laos, Maenmar, An Bhanglaidéis, An Bhútáin, An India, Neipeal, An Phacastáin, An Chirgeastáin, An
Rúis, agus leis na limistéir uisce seo: An Mhuir Bhuí, Muir na Síne Thoir, Muir na Síne Theas agus An tAigéan
Ciúin.

6.

Ainm na Tíre: An tSín nó Daon-Phoblacht na Síne
Príomhchathair: Béising
Daonra: 1.4 billiún duine
Daonra: 1.4 billiún
Airgeadra: Úsáidtear an
Renminbi nó yuan mar
airgeadra sa tSín.
Béising
Réigiúin na Síne: Tá an tír
roinnte ina 7 réigiún.
Rialtas: Poblacht
shóisialach aonpháirteach
aonadach.
Seacht Réigiún na Síne
Renminbi

7.

Ainm na Tíre: An tSín nó Daon-Phoblacht na Síne
Armas na Síne
Bratach na Síne
Amhrán Náisiúnta na Síne: Is é ‘Siúl na nÓglach’ amhrán
náisiúnta Dhaon-Phoblacht na Síne.

8.

Tíreolaíocht na Síne
Tá tírdhreach ilroinnte sa tSín.
Tá sí ollmhór agus éagsúil –
idir fhásaigh Góibí agus
Taklamakan ó thuaidh, le
tírdhreacha spalptha cheal
báistí, agus fhoraoisí
fothrópaiceacha sa deisceart.
An tSín
Gaineamhlach Ghóibí
Gaineamhlach
Taklamakan
Béising
An Abhainn
Bhuí
Muir na
Síne Thoir
Ardchlár na Tibéide
Abhainn na Iaing-tsí
Sliabh Everest
An Téaváin
Abhainn an Phéarla
Hong Cong
Muir na Síne Theas
Deighleann na sliabhraonta
Himiléithe (Himalaya),
Karakoram, Pamir agus Tian
Shan an tSín ón mórchuid den
Áise Theas agus Lár na hÁise.

9.

Is tír an-éagsúil ó thaobh na tíreolaíochta í
an tSín, atá comhdhéanta de ísealchríocha
torthúla, tír-raon sléibhtiúil, ardchlár rollta,
báisíní uisce agus páirceanna talmhaíochta.
Tá an chuid is mó de thalamh inúsáidte na
tíre le fáil sna machairí ísealchríche.
Na Himiléithe
Is féidir 9 gcinn de na 17 mbeanna is airde
ar domhan a fháil ar theorainneacha thiar
na Síne, lena n-áirítear na Himiléithe,
Lhotse, Makalu, agus Cho Oyu.
Sliabh atá suite idir Neipeal agus an Tibéid
is ea Sliabh Everest (Sagarmatha a thugtar
air freisin i Neipeal agus Teomólungma sa
Tibéid). Is é Everest an áit is airde ar
domhan: tá sé 8,848 méadar ar airde. Cuid
de na Himiléithe atá ann.
Na Sléibhte Everest, Nuptse agus Lhotse

10.

Aibhneacha agus Príomh-mhianraí na Síne
Tá 50,000 abhainn ag an tSín, le
fad iomlán de 420,000 km, agus
sreabhann a bhformhór siar agus
soir isteach san Aigéan Ciúin.
Is í an Iaing-tsí an 3ú abhainn is
faide ar domhan.
Is í an tSín an táirgeoir is mó ar
domhan de ghraifít nádúrtha
agus sinc.
Is iad na príomh-mhianraí eile a
tháirgeann an tSín ná ór,
amhiarainn, luaidhe, mearcair,
gás nádúrtha, úráiniam agus
stáin.
Abhainn na hIaing-tsí i Yunnan

11.

Ainmhithe na Síne
An Panda Rua
An Liopard Sneachta
Tá dhá mhór-éiceachóras sa
tSín: an Pailé-artach agus an
Ind-Mhalae. San éiceachóras
Phailé-artach gheobhfá
mamaigh, capaill agus camaill
ina measc, agus san éiceachóras
Ind-Mhalae, gheobhfá liopaird
agus speicis éagsúla mhoncaí
agus gabhair.
Ní fhaightear an panda ollmhór
ach i gceantar beag sa Iaing-tsí.
An t-Ollphanda ag
ithe péacán bambú
Na Moncaithe
Geancadh Órga

12.

Aeráid na Síne
Tá aeráidí éagsúla sa tSín, ó thrópaiceach
go fo-artach.
Bíonn gaotha gáifeacha le linn séasúr an
mhonsúin chun tosaigh san aeráid agus
iompraíonn siad aer tais, te.
Gleann Jiuzhaigou i
Szechuan. Athraíonn na
gleannta abhann le linn na
séasúr sa tSín.
Sléibhte Kunyu le linn an
gheimhridh. Bíonn an teocht is ísle
ó thuaidh sna sléibhte idir -20 is -40
céim Celsius sa gheimhreadh.
Fadhb mhór sa tSín is ea truailliú aeir agus
uisce.
Tá 20% den talamh sa tSín ina ghaineamhlach. Seo
Gaineamhlach Ghóibí. Is é seo an cúigiú
gaineamhlach is mó ar domhan agus an dara ceann
is mó san Áise. Is fásach fuar é, le sioc agus
sneachta a thiteann ó am go ham ar a cuid
dumhcha.
Foraois bháistí ar Oiléan Hainan.
Féach ar an rís atá ag fás sa ghort
ríse.
Truailliú aeir in oirthear na Síne

13.

Bia na Síne
Tá bia na Síne an-éagsúil, ach go
ginearálta bíonn béim ar mhiasa ríse
agus glasraí simplí.
Feamainn le luibheanna
Tá clú agus cáil ar fud an domhain, ar
éagsúlacht na modhanna cócaireachta
agus ar na comhábhair éagsúla a
úsáidtear, i mbia na Síne.
Bia na sráide le fáil i
mBéising
De ghnáth, itear feoil ar ócáidí speisialta,
agus is foinsí próitéine coitianta iad táirgí
pónairí mar tófú agus soighe.
Cácaí Gealaí
Domplagán le sícín
Rogha mhaith bia na Síne

14.

Spórt sa tSín
Tá ceann de na cultúir spóirt is sine ar
domhan ag an tSín, agus tá an-tóir ar
fholláine choirp.
Déantar Tai Chi chuile lá sna
páirceanna sa tSín.
Is í cispheil an spórt is mó éilimh do lucht
féachana sa tSín, ach tá an-tóir ar na
healaíona comhraic, leadóg boird,
badmantan, agus snámh, chomh maith le
cluichí boird agus ficheall.
Luibeanna úra do leigheas
traidisiúnta na Síne.
Is cuid choitianta de chultúr na Síne é
leigheas traidisiúnta na Síne.
Ag imirt fichille sa tSín
Díríonn an cleachtas leighis seo ar an
gceann agus an yang a chothromú chun go
mbraitheann daoine go bhfuil siad iomlán,
sláintiúil agus cothromaithe go
hinmheánach.
Cispheil á himirt sa tSín

15.

Laethanta Saoire Náisiúnta sa tSín
Saoire Náisiúnta:
Comóradh ar Bhunú Phoblacht na
Síne, 1 Deireadh Fómhair (1949)
Athbhliain na Síne
Éadaí Traidisiúnta sa tSín
Laethanta Saoire Eile:
● Athbhliain na Síne
● Féile na Laindéar
● Féile Qingming,
● Lá Idirnáisiúnta na mBan (8 Márta)
● Lá an Lucht Oibre (1 Bealtaine)
● Lá na Leanaí (1 Meitheamh)
● Féile Bhád an Dragain
● Féile Lár an Fhómhair
● Lá Náisiúnta (1 Deireadh Fómhair)
Féile na Laindéar
Féile Lár an Fhómhair

16.

Cultúr na Síne
Bhí tionchar mór ag Confúicias,
feasúnaí, múinteoir agus polaiteoir, ar
chultúr na Síne.
Tá litríocht na Síne bunaithe ar
litríocht ríshliocht Zhou.
Dramaíocht agus rince
Rinneadh athbheochan ar ealaín,
litríocht, ceol, scannán agus teilifís na
Síne mar thoradh ar dheireadh na
Réabhlóide Cultúrtha.
Is í an tSín an 4ú tír is mó ar domhan, a
dtugann daoine cuairt uirthi.
Dealbh Chonfúicias
Féile na Soilse, Beijing

17.

Áiteanna Suimiúla sa tSín
Tá stair fhairsing ag an tSín maidir le
ríshleachta a bhí i gceannas ar feadh
na mílte bliain sular tháinig an tSín
Impiriúil chun cinn. Chónaigh siad i
gCathair Thoirmiscthe ar feadh na
gcianta. Léiríonn an coimpléasc,
ailtireacht thraidisiúnta phálásach na
Síne, agus bhí tionchar aici ar
fhorbairtí cultúrtha agus ailtireachta
san Áise Thoir agus in áiteanna eile. Is
iarsmalann í faoi láthair.
Tá Balla Mór na Síne suite i
dtuaisceart na tíre. Tá sé an-mhór agus
an-fhada agus tá sé ar cheann de na
struchtúir is iontaí ar domhan. Tá an
struchtúr iomlán breis agus 20,000
ciliméadar ar fad. Tá sé chomh fada sin
go rachadh sé thart ar chósta na
hÉireann 6 huaire! Tá an balla mór féin 10
méadar ar airde, den chuid is mó, agus 5
mhéadar ar leithead. D’oibrigh suas le
milliún duine ar an mballa agus ghlac sé
2,000 bliain chun é a chríochnú.
Cé a chruthaigh Laochra
agus Capaill Terracotta
Qin Shihuang? Ní fios go
díreach, ach maireann a
dtionchar ar ghlúine ealaíne
an lae inniu.

18.

Daoine Cáiliúla ón tSín
Jackie Chan - Aisteoir
Yao Ming - Imreoir cispheile
Lu Chen - Scátálaí Fíorach
Dalai Lama - Ceannaire reiligiúnach
Mao Zedong - Ceannaire domhanda
I.M. Pei - Ailtire

19.

Áiseanna Breise na Síne
An tSín: Cúigí - Cluichí Léarscáile
An tSín: Príomhchathracha na gCúigí - Cluichí Léarscáile
Cluiche Kahoot faoin tSín
Balla Mór na Síne
Ag Taisteal le Tarlach sa tSín
English     Русский Rules